An Gnó

CAD IS SCIOB SCEAB OIDEACHAS SIAMSÚIL ANN?

Is comhlacht oideachais agus réamhléiriúcháin é Sciob Sceab Oideachas Siamsúil. Ó thaobh staire agus teangacha de, táirgíonn sé áiseanna foghlamtha níos tumthaí trína phointí teagaisc a chur i scéalta a théann “i ngreim” ar do shamhlaíocht.

Ó thaobh siamsaíochta de, cuireann sé an cheist – anois ó tá éileamh níos mó ná riamh ar drámaíocht fotheidealaithe ó d’éirigh le cláranna teilifíse leithéidí The Killing agus Narcos lucht féachana príomhshrutha a aimsiú – cén fáth nach féidir le beochaintí Ghaeilge lucht féachana idirnaisiúnta a mhealladh?

Jules agus Máire ag féachaint suas sa spéir

Tá Sciob Sceab Oideachas Siamsúil bunaithe ag an scríbhneoir agus an léiritheoir an Dr. Pat O’Brien. Tá dhá theideal creidiúna aige go dtí seo, an chéad cheann saothraithe aige i 2012 nuair a rinne Gobstar Film beochan as a script Dáithí agus Goliath. Táispeáineadh í ag leithéidí an Galway Film Fleadh agus an Chicago Irish Film Festival ina dhiaidh sin.

‘Sé taithí Phat mar scríbhneoir scripte maraon le tarraingt faoi leith a ábhar PhD – litríocht Bhéarla Mheánaoiseach – is mó a chuireann ar a chumas táirgí teagaisc a bhfuil tóir orthu a chruthú. Mar b’éigean do Phat a bheith nuálach ina chur chuige agus litríocht Mheánaoiseach á múineadh aige san ollscoil.