Cíor Thuathail

Is beochan ghearr í Cíor Thuathail faoi dhéagóir agus an nealtrú ag goid a máthair uaithi. Leanann sé Jules Madden agus a saol iompaithe tromach tramach ó d’éirigh a máthair tinn leis an ngalar Alzheimer. Léirithe ag Sciob Sceab i gcomhpháirt leis an Lab – Ionad Ealaíona na Gaeilge sa Daingean – tá Cíor Thuathail guthaithe le cainteoirí dúchasacha ó Chorca Dhuibhne agus beoite ag Gobstar Film.

Taispeánfar Cíor Thuathail ag féilte scannáin go luath i 2018 sa ghnáth-leagan cineama agus i leagan VR. Sea! Chuala tú i gceart! Tá an chosúlacht air go mbeidh Cíor Thuathail ina chéad scannán VR riamh i nGaeilge!

Agus a chamchuairt críochnaithe aige , díolfar Cíor Thuathail in “eagrán foghlama” do mhéanscoileanna. Cuireann Cíor Thuathail An Eagrán Foghlama an bheochan i mbeart le leabhrán a spíonann amach a tagairtí d’Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas agus don ghalar Alzheimer.

Fiosracht ort? Léigh ar aghaidh le tuilleadh a fháil amach faoi Chíor Thuathail ó thaobh plota de.

Jules agus Máire ag féachaint suas sa spéir

Achoimre ar scéal Chíor Thuathail 

Agus a saol iompaithe tromach tramach ó d’éirigh a máthair Máire tinn, chuirfeadh an chíor thuathail i saol laethúil Jules eachtraí Alice i dTír na n-Iontas i gcuimhne duit. Cinnte is féidir le Jules ionnanú leis an mbrú atá ar Alice dreach stuama a choinneáil uirthi féin nuair a chasann sí le Banríon na gCroíthe ag imirt cróice le lasaireán mar mháilléad agus ghráinneog mar liathróid.

Is mar an gcéanna ag Jules é, ní haon rud as an ngnáth di-se teacht ar leabhar sa mheaisín níocháin nó bróga sa chuisneoir, nó pinn luaidhe curtha i bpota de chré amhail síolphlandaí.

Agus dála Alice ag siúl go ciúin ionas nach gcuirfidh sí fearg ar Bhanríon na gCroíthe, tá Jules cleachtaithe anois ar gan faic a ligint uirthi féin aon uair a dhéanann a máthair rud ait. Mar éiríonn Máire trína chéíle má tharraingíonn Jules aird ar a hiompar ait agus ba sheacht mheasa í a láimhsiú ansin.

Ach ‘sí an fhadhb leis an gcur chuige seo ná, an mó a chlíonn Jules le meascán méaraí a máthair ar mhaithe le hí a laimhsiú — ag aontú léi go bhfuil an dubh ina bhán agus suas síos — an mó a bhraitheann sí go bhfuil a greim ar cad atá fíor ag sleamhnú.

Agus í ag troid chun a máthar a choiméad sa bhaile nuair atá gach éinne ag insint di í a scaoileadh léi — is é tigh altranais an áit is fearr di anois, a Jules — caithfidh Jules cinneadh deacair a dhéanamh i gCíor Thuathail. An mbeidh sí in ann an chiontacht a sheasamh má scaoileann sí lena máthair? Nó an mba chóir di greim a choinneáil go bun an angair agus an baol ann go rachaidh sí go tóin poill leis an strus go léir atá uirthi?

Lean Jules síos an poll coinín ar aistear atá iontach agus go brónach réadúil in éineacht.

maire-a-tharraingt-on-bhfarraige

04da3e72-511e-41ba-812c-757b4d8599aa