Éiteas

Cad é an téarma “Oideachas Siamsúil” sin in ainm an chomhlachta, a fhiafraíonn tú? ‘Sé oideachas siamsúil an bunús de cad atá difriúil faoi Sciob Sceab i gcomparáid le comhlachtaí oideachais eile. Cuirimid an iarracht chéanna isteach i dtaobh oideachasúil agus i dtaobh siamsúil ár dtairgí mar creidimid go bhfoghlaimíonn daoine níos mó agus a samhlaíocht gafa le scéal ina bhfuil na pointí foghlamtha curtha i bhfolach ann.

 

about

Ba mhaith linn carachtéirí a chruthú a mhealladh isteach thú; plotaí chomh spéisiúil sin go mbeidh drogall ort do shúile a bhaint ón scáileán ar eagla go gcaillfidh tú rud éigin. Agus tagann gach rud le Gaeilge shaibhir líofa. Cad a déarfá le sin mar thumadh gan stró? Agus é ina phréachán le peann cleite “sciobtha suas” ina ghob aige, is comhartha é lógó an chomhlachta fresin go mbíonn ár mbeochaintí ina áiseanna teanga den scoth de bharr a gcumais lucht féachana a chur faoi gheasa le scéal siamsúil.