Cíor Thuathail – An Eagrán Foghlamtha

Ar díol ar €20 an ceann, díolfar Cíor Thuathail in “eagrán foghlamtha” a chuireann an bheochan i mbeart le leabhrán a spíonann amach a tagairtí d’Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas agus don ghalar Alzheimer. Á éisiúint amach i ndeireadh an fhómhair 2017, tá sé dírithe ar mhéanscoileanna, go háirithe daltaí san Idirbhliain agus daltaí ag déanamh na hArteiste.

maire-a-tharraingt-on-bhfarraige

Agus é ag teacht lena aidhm fiosracht faoi charachtéirí ar an scáileán a úsáid mar spreagadh chun tuilleadh a léamh futhu, beidh béim an táirge ar an Leabhar Foghlamtha. Beidh an leabhar A4 i méid chun oiread spás agus is féidir a chur ar fáil do phíosaí ealaíne.

Is féidir le custaiméirí an pasfhocal clóbhuailte laistigh a úsáid chun féachaint ar an mbeochan ar líne nó úsáid a bhaint as an DVD curtha i póca ar chúl an chlúdaigh taobh istigh.

Maraon le “bios” ar na carachtéirí, notaí eolaíochta agus ceisteanna don rang, beidh an gearrscéal a spreag an bheochan sa Leabhar Foghlamtha.

Beidh gnéithe réaltacht bhreisithe [“Augmented Reality”] ag gach Leabhar Foghlamtha freisin ina mbeidh cuma ar leathanaigh áirithe go bhfuil carachtéirí agus rudaí bheoite ina seasamh ar a ndromchla – mar a bheadh preableabhar digiteach ann – nuair a fhéachann duine orthu trí scáileán iPad nó d’fhón cliste.